A chúlra – 1933, cailleadh cúigear le TB ar thaobh a mháthar, sin ceathrar don teaghlach agus a mháthair mhór. D’fhág sin go lag ar fad iad agus insíonn sé scéal fá bhochtaineacht a d’fhulaing siad. Bhí taobh a athar beagán níos fearr as ar an saol. Bhí ocras ar na daoine san am, bhí siad lag agus chiallaigh sin go raibh daoine ag fáil bháis níos gaiste.